CumannMerriman.bsky.social
banner
cumannmerriman.bsky.social
CumannMerriman.bsky.social
@cumannmerriman.bsky.social
Scoil Gheimhridh bhliantúil. Plé ar gach gné de shaol na hÉireann. Annual winter school. Discussions on all aspects of Irish life.
Pinned
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag filleadh ar Óstán an Old Ground in Inis do Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ Céad: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge". An 23-26 Eanáir 2026 is ea dátaí na Scoile agus tá eolas faoi na socruithe ar an suíomh. www.merriman.ie/ga/
An deireadh seachtaine beagnach tagtha chun deiridh anois a chairde, agus tá Muiris Ó Raghallaigh linn arís chun clabhsúr a chur leis an scoil leis an gcaint Léargas Físiúil ar Ghnéithe de Shaothair An Ghúim.
January 25, 2026 at 11:30 AM
Seosamh Ó Murchú in éineacht le Máire Ní Neachtain ag tabhairt sciuirde trí na saothair a d'fhoilsigh an Gúm ó na luathbhlianta ar aghaidh.

#scoilmerriman2026 #gaeilge
January 24, 2026 at 9:05 PM
Caint ghrinn éirimiúil thaitneamhach tugtha ag Pádraig Ó Mianáin in Ó leathanaigh chlóite go leathanach baile: Éabhlóid na foclóireachta i ré an
Ghúim. Léargas iontach ar éabhlóid cheird na foclóireachta Gaeilge ó 1926 go dtí an lá atá inn ann. #scoilmerriman2026 #gaeilge
January 24, 2026 at 9:00 PM
Ár gcomhleacaí, Brian Ó Dálaigh, cisteoir Chumann Merriman, ag tabhairt cainte ar scríbhneoirí Gaeilge an Chláir i Leabharlann Phoiblí De Valera. Caint iontach cuimsitheach agus suimiúil. Eagraíodh an t-imeacht seo i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir.
January 24, 2026 at 8:50 PM
Léargas iontach suimiúil ansin a Antain, agus léiriú iontach ar thábhacht an aistriúcháin do litríocht na Gaeilge le linn luathbhlianta An Ghúim. Leis an gcaint sin, tá Siompóisiam an Ollaimh Tom Redshaw ag teacht chun deireadh.
January 24, 2026 at 12:06 PM
Go raibh maith agat as ucht do chainte breá eolasaí ansin a Bhreandáin. Anois, beimid ag éisteacht le hAntain Mag Shamhráin agus ag labhairt mar gheall ar Gnéithe d’aistriúchán an Ghúim sna blianta tosaigh #siompóisiamtomredshaw #scoilmerriman2026 #gaeilge
January 24, 2026 at 11:35 AM
Caint bhreá lán léargais ansin, a Chaoimhe. An chéad chainteoir eile atá linn ná Breandán Ó hUallacháin a bheas ag tarraingt ar ábhar ón gCartlann an Ghúim freisin ina chaint: Comhfhreagras an Ghúim i gcomhaid oideachais sa Chartlann Náisiúnta #scoilmerriman2026 #gaeilge
January 24, 2026 at 11:13 AM
A chairde, tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith libh is gur bhain sibh taitneamh as imeachtaí na hoíche aréir. Beimid ag tosú leis an siompóisiam ar maidin. I dtosach, beidh Caoimhe Nic Lochlainn ag tabhairt cainte ar Mná an Ghúim: Scéalta Ceilte sa Chartlann
January 24, 2026 at 10:44 AM
Gearóidín Uí Laighléis agus Muiris Ó Raghallaigh i mbun allagair anois lenár gcomhghleacaí Síle Ní Choincheannain ar Luathbhlianta An Ghúim #scoilmerriman2026 #gaeilge
January 23, 2026 at 8:47 PM
Domhnall Ó Loingsigh, rúnaí An Clár as Gaeilge agus láithreoir raidió ar Clare FM, atá ag oscailt na Scoile anocht.

Tá an-tacaíocht tugtha ag An Clár as Gaeilge, agus ag Domhnall go háirithe, do Scoil Merriman 2026.
January 23, 2026 at 8:34 PM
Meabhrú beag go mbeidh Scoil Gheimhridh Merriman 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo, ón 23-25 Eanáir. Tá an clár ar fáíl anseo

www.merriman.ie/ga/geimhread...

Is féidir ticéad a cheannach ar eventbrite nó ag an deasc.

www.eventbrite.ie/e/scoil-ghei...
January 21, 2026 at 11:04 AM
A Chairde,
Tá Clár Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge, ar fáil anois. Mar a fheicfidh sibh, tá sé lán go barra le cainteanna léannta, tathagacha a bhfuil ábhar suime do gach duine iontu.
January 13, 2026 at 2:34 PM
A Chairde, tá an leathanach Eventbrite ar oscailt anois do thicéid deireadh seachtaine Scoil Merriman 2026 - An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge.

www.eventbrite.ie/e/1980073539...
Scoil Gheimhridh Merriman 2026
An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge - Ticéad Deireadh Seachtaine
www.eventbrite.ie
January 9, 2026 at 3:48 PM
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag filleadh ar Óstán an Old Ground in Inis do Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ Céad: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge". An 23-26 Eanáir 2026 is ea dátaí na Scoile agus tá eolas faoi na socruithe ar an suíomh. www.merriman.ie/ga/
December 4, 2025 at 9:44 AM
Ar eagla go dtitfeadh imeacht na Scoile 2025 i ndíchuimhne, tá grianghraif Scoil Merriman 2025 crochta ar ár suíomh lín anois. Beifear in ann teacht orthu ach an nasc seo a bhrú:

www.merriman.ie/ga/cartlann/...
www.merriman.ie
February 25, 2025 at 3:03 PM
Físeán álainn anseo a rinne Molscéal ar Scoil Gheimhridh 2025

fb.watch/xJxESr5nzF/

Go raibh míle maith agaibh @molsceal.bsky.social
fb.watch
February 13, 2025 at 10:45 AM
Agus anois tá Scoil Gheimhridh Merriman 2025 tagtha chun deiridh. Ba mhaith le gach ball den choiste ár mbuíochas a chur in iúl do gach duine a bhí i láthair, idir bhaill, aíonna agus rannpháirtithe agus don Old Ground Hotel as ionad fíorálainn a chur ar fáil dúinn.
January 27, 2025 at 9:45 AM
Ní héigse go hÉigse an Chláir agus chun teist ar an méid sin a thabhairt dúinn tá Edel Vaughan, Emer O'Flaherty agus Therese MacInerny linn chun Dúchas agus Dóchas: Amhráin Ghaeilge ó Chontae an Chláir a chur inár láthair. Arna léiriú ag Diarmuid de Faoite.
January 26, 2025 at 11:23 AM
Mar chlabhsúr le Fonn, Féile agus Filíocht tá Róisín Nic Dhonncha, Eamonn Ó Donnchadha, Fearghas Ó Lochlainn agus Bríd Ní Ghormáin ag seinm Miste Covered Mountain agus Aillte an Mhothair.

Beimid ag cur tús le Club Merriman go luath!
January 25, 2025 at 10:14 PM
Fearghas Mac Lochlainn i mbun amhrán grá do ... Airlín.
January 25, 2025 at 9:47 PM
Éamon Ó Donnchadha i mbun agallamh beirte le Fearghas Mac Lochlainn.
January 25, 2025 at 9:37 PM
Bríd Ní Ghormáin as Lios Ceannúir ar an bhfeadóg mhór.
January 25, 2025 at 9:20 PM
Níl an scléip ach ina tús anseo!
January 25, 2025 at 9:10 PM
Tá sé in am do sheisiún oíche Shathairn. Tá Fearghas Ó Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha agus Bríd Ní Ghormáin in éinneacht linn do le haghaidh Fonn Féile agus Filíochta - atá chun togha an cheoil agus na n-amhrán a chur ar fáil dúinn chomh maith le léargas ar chumadóireacht
January 25, 2025 at 8:58 PM
Tosóidh Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw ag 5.15in. Pléifidh Liam Ó Dochartaigh Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe. Ar ndóigh, baint ag Liam leis an Scoil le cianta caibreacha. Tar éis sin, labhróidh Concubar Ó Liatháin mar gheall ar Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn
January 25, 2025 at 5:30 PM