Úna Bhreathnach
unaeb.bsky.social
Úna Bhreathnach
@unaeb.bsky.social
Léachtóir i Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Ag obair ar Gaois, Téarma, Logainm, Ainm, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, Canúint, agus Dúchas. Stuif eile freisin. Mo thuairimí féin!
Pinned
Beidh Ceardlann Logainmneacha á reáchtáil againn @dublincityuni.bsky.social ar an Déadaoin 23 Iúil: 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach'. Cainteanna den scoth 🔽 Fáilte roimh chách, ar ndóigh.

www.eventbrite.ie/e/ceardlann-...
📅Reáchtálfar ceardlann canúineolaíochta in Gaois, DCU, Déardaoin 26 Samhain.

Seolfar leagan nua de Canúint.ie an tráthnóna céanna mar chuid de Thionól na hInstitiúide Ardléinn, le hábhar (iontach!) nua agus Meitheal tras-scríbhneoireachta.

Dáta don dialann!
September 14, 2026 at 1:36 PM
Campaí samhraidh Gaeltachta do ghasúir meánscoile a bhfuil Gaeilge baile/Gaelscoile acu cheana agus atá 100% ag dul ann don chraic - an bhfuil a leithéid ann?

(Má tá, níor tháinig mise orthu fóos)
September 1, 2026 at 9:39 AM
Reposted by Úna Bhreathnach
Féach téama na seachtaine: 'Macghníomhartha san úllord'.

"Bhí an-tábhacht ag roinnt le húill in Éirinn anallód, mar is léir ó líon mór na dtagairtí don toradh agus don chrann araon in ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn..."
- An Brainse Logainmneacha
www.logainm.ie/ga/teamai/183
Macghníomhartha san úllord. Cnoc na nÚll/Applefort “the hill of the apples” (féach logainm.ie #[7820](https://www.logainm.ie/ga/7820)).
Bunachar oifigiúil dátheangach logainmneacha na hÉireann.
www.logainm.ie
August 13, 2026 at 9:38 AM
Tá sé i gceist againn athchóiriú a dhéanamh ar shuíomh Ainm.ie i mbliana agus ba mhaith linn moltaí chun feabhais: [email protected].
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge
An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. The National Database of Irish-Language Biographies.
Ainm.ie
August 13, 2026 at 11:03 AM
Blag an-spéisiúil ó Mhichal @lexiconista.bsky.social mar gheall ar Mheithleacha (Dúchas agus Fosgladh an Tobair) agus conas iad a dhearadh. Beidh Meitheal tras-scríofa againn ar Canúint.ie faoi dheireadh na bliana.

www.lexiconista.com/six-golden-r...
Six golden rules of crowdsourcing in digital humanities
These are the lessons I’ve learned from building crowdsourcing websites.
www.lexiconista.com
August 11, 2026 at 11:04 AM
Toraigh, a leithéid d'áit.
August 9, 2026 at 9:48 PM
An bhfuil a leithéid de rud ar fáil is léarscáil Gaeilge nó dátheangach de Bhaile Átha Cliath, ceann a chrochfá ar an mballa? Ní fheicim tada ag @ansiopaleabhar.bsky.social. (Le tusicint a thabhairt do ghasúir ar chrot na cathrach, agus domsa le turais a phleanáil gan bheith i dtuilleamaí an fhóin.)
August 4, 2026 at 10:55 AM
Tá muid ag súil go mór leis an ócáid amarach!
🗺️📍Gaois, and the Placenames Branch are organising a workshop on the topic of placenames and ecology in the European context.

The workshop will be in Irish and in English on Thursday 23 July 2026 from 9 AM, on the DCU All Hallows Campus.

🎟️Register for the event here: https://loom.ly/fKJmQeU
July 22, 2026 at 3:51 PM
Beidh Ceardlann 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach' á reáchtáil ag Gaois i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha Déardaoin seo chugainn, an 23 Iúil. Tá áthas orainn go mbeidh an tAire Dara Calleary linn leis an lá a chur sa tsiúil agus leis an gcrann seo a chur dúinn.
July 15, 2026 at 3:40 PM
Reposted by Úna Bhreathnach
#ArchiveDiaspora
Letter from the Imirce collection from Packy Kelly in Australia to his uncle in Offaly, February 1918
Packy explains that a shipwreck left him and a boat-load of passengers stranded on Easter Island for three years during a voyage from Australia to Chile
@araireland.bsky.social
July 15, 2026 at 9:02 AM
Ceardlann: Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach.

Aoichaint faoi Logainmneacha Gaelacha san Antartach (!) le Robert Headland.

Tuillte, crainnte, aibhneacha, an Albain, etc.

Déardaoin 23 Iúil in DCU. Fáilte roimh chách! www.eventbrite.ie/e/ceardlann-...
Ceardlann Logainmneacha / Placenames Workshop
Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach / Placenames and Ecology in the European Context
www.eventbrite.ie
June 5, 2026 at 4:00 PM
Ruathar rothaíochta cois Canála, cois na Dothra, agus chuig an Músaem Náisiúnta Cló ar maidin. Is mór an sásamh na cosáin nua rothar a bheith á bhforbairt agus bheith in ann gasúir a thabhairt amach go réasúnta sábháilte.
June 2, 2026 at 2:05 PM
Tá muid ag earcú!

Cúntóir Taighde le Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.

Conradh ar Théarma Seasta suas le 2 bhliain.

Bí páirteach i bhforbairt acmhainní digiteacha den chéad scoth do lucht labhartha na Gaeilge.

Dáta dúnta: An Luan, 25 Bealtaine.

www.dcu.ie/people/jobs
Jobs - Open Vacancies at DCU | DCU People
Want to advance your career and work at Dublin City University? Find all of our job vacancies here, from teaching positions to administrative positions.
www.dcu.ie
May 11, 2026 at 1:44 PM
Beidh Ceardlann Logainmneacha á reáchtáil againn @dublincityuni.bsky.social ar an Déadaoin 23 Iúil: 'Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach'. Cainteanna den scoth 🔽 Fáilte roimh chách, ar ndóigh.

www.eventbrite.ie/e/ceardlann-...
May 11, 2026 at 12:08 PM
Tá muid (Andrea Palandri & Deirdre Ní Chonghaile go háirithe) ag obair le hábhar fuaime as @ria.ie (Doegen), @ucc.ie agus @dias.ie a chur le Canúint chomh maith le @rte.ie. Íomhá 🔽 de na barúntachtaí uile, le taifeadtaí den chanúint dúchais, a bheidh ann. Leagan nua ag teacht faoi Shamhain.
May 8, 2026 at 9:21 AM
Reposted by Úna Bhreathnach
Ómós do Colin Williams: scoláire iomráiteach, cara buan agus meantóir fial.

My tribute to Colin Williams: renowned scholar of language revitalisation, friend and mentor.

Cysga'n dawel Colin.

tuairisc.ie/colin-willia...
Colin Williams, saineolaí domhanda ar athneartú teangacha mionlaithe, tar éis bháis
Ó dheireadh na 1970idí, bhí Colin Williams ina chuairteoir rialta ar Éirinn, áit ar oibrigh sé le heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus é i mbun taighde
tuairisc.ie
May 6, 2026 at 6:11 AM
Sa mbaile arís tar éis turas cúpla seachtain timpeall na Seapáine. Is iontach an dream iad. Anseo atá mé ar chupán.
April 19, 2026 at 5:40 PM
An-deas fáilte ar ais a chur roimh @dirkvanbryn.bsky.social, iar-mhac léinn le @fsg-dcu.bsky.social & iar-thaighdeoir Gaois, le caint linn faoi Fhoclóir @forasnagaeilge.bsky.social.

Téarmeolaithe muide anseo - baineadh as ár gcleachtadh muid ag obair ar iontrálacha foclóireachta! #ointeolaíochtaí
March 26, 2026 at 1:14 PM
Reposted by Úna Bhreathnach
Ócáid bhreá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm tráthnóna — Diarmuid Johnson, Aodh Ó Coileáin, agus léitheoirí na Gaeilge. Fíon agus leabhair! Fáilte roimh chách.
March 19, 2026 at 9:24 AM
An-deas fáilte a chur roimh iris nua filíochta, An Dearcán, ar Champas na Naomh Uile anocht. Comhghairdeachas le @laoighseach.bsky.social agus leis na filí a chnuasaigh si chuici!
March 10, 2026 at 10:03 PM
Tá sceitimíní orainn anseo in @fsg-dcu.bsky.social póstaer de logainmneacha na hÉireann a fheiceáil san @irishtimes.com inniu. Bíonn neart eile le feiceáil ar chuntas @logainm.bsky.social! #SnaG26 #Gaeilge
March 10, 2026 at 9:57 AM
Comhghairdeas lenár gcomhghleacaí in Gaois, Fírinne Nic an tSaoir (mischa and the bear), as a hamhrán nua, 'Abair'!Tá sé ag dul timpeall mo chinn ó chuala mé é.

open.spotify.com/album/1ZhXEz...

tuairisc.ie/ta-bri-nios-...
‘Tá brí níos láidre sa leagan Ghaeilge’ – singil nua ag Mischa and the Bear
Tá aistriúchán ar a dtraic ‘Sing It’ eisithe ag an mbanna Mischa and the Bear do Sheachtain na Gaeilge faoin teideal ‘Abair’. Labhair siad le Tuairisc
tuairisc.ie
March 4, 2026 at 12:43 PM
Reposted by Úna Bhreathnach
Tugann mise agus mo chomh-eagarthóir @ellenfcorbett.bsky.social cuireadh daoibh chuig seoladh AN DEARCÁN: Iris na hÉigse.

Beidh an iris ar fáil ar chostas €4.00 / £3.50. Plúr na ndánta, agallamh le file aitheanta, agus 'obair gharbh' de mo chuid féin le léamh!
February 13, 2026 at 4:54 PM
Reposted by Úna Bhreathnach
Níl uaim do Sheachtain na Gaeilge i mbliana ach athruithe buana i nósmhaireacht teanga.
February 21, 2026 at 8:02 PM
📢Gairm ar pháipeir: Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach📢

Ceardlann @logainm.bsky.social, Déardaoin 23 Iúil in @fsg-dcu.bsky.social.

www.dcu.ie/fiontarscoil...
Gairm ar Pháipéir: Ceardlann Logainmneacha | Call for papers: Placenames Workshop | Fiontar & Scoil na Gaeilge
Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach, 23 Iúil, arna eagrú ag Gaois (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) agus an Brainse Logainmneacha (An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gae...
www.dcu.ie
February 19, 2026 at 9:48 AM