Neil Ó Laoghaire
banner
olaoghaire.bsky.social
Neil Ó Laoghaire
@olaoghaire.bsky.social
Cé mé fhéin, anyway
Ó Thalamh an Éisc go ciseán* na ballachaí buí Tí Mháille!

*(tamall maith ó bhí mé istigh ann, níl a fhios agam an bhfuil sé fós ann)
October 4, 2026 at 6:19 PM
Cén chaoi gur féidir fad a thois chuig áit nach bhfuil teorainn a bhfuil glacadh go forleathan léi? 😝

Nach mór an trua gur ghlac na Francaigh le "Connemara" mar leagan den logainm.
October 3, 2026 at 4:53 PM
Is dóigh nach bhfuil aon tairseach théis a bhfuil sé go hiomlán sábháilte agus roimhe a bhfuil sé go hiomlán contúirteach, ach caithfidh dáta amháin a bheith molta chun go nglacfaidh daoine le moladh simplí. Suimiúil mar sin go bhfuil 2 dáta molta idir na heagraíochtaí.
October 3, 2026 at 4:44 PM
Plé stuama agus léirsteanach, mar is ghná. GRMA.
October 2, 2026 at 5:39 PM
Cheap mé gur 1 mí na Samhna an dáta a bhí molta ag Cairde Éanlaith Éireann...
birdwatchireland.ie/new-guidance/

Triceamónóis/"Trichomonas gallinae", ní fliú atá i gceist, is dóigh. Seadán atá ann ó ré na ndineasáir.

Tá muid ag fágáil roinnt úll ar an gcrann i mbliana chun go mbeidh bia acu.
birdwatchireland.ie
October 2, 2026 at 5:30 PM
@fintan-galway.bsky.social - dúshlán romhat duine a aimsiú 😀
September 30, 2026 at 6:43 PM
Rud beag, ní thuigim an difríocht idir gealapán agus cromán?

Dá mbeadh scéimléaráid nua-aimseartha, is dóigh go mbeadh béim difriúil ar pháirteanna, páirteanna nua agus leagan amach difriúil i gceist

cábla coscáin/na ngiaranna
fearas cinn
muineál
giarluamhán
aistreoir slabhra
caiséad
brac íochtair
September 27, 2026 at 8:38 PM
Rinne @falmairemor.bsky.social uasdátú ar leith ar an bpictiúir sin, agus an seanchló a athrú. Feicim gur athraigh sé roinnt bheag de na focail freisin

Leagan amach de shean-rothar atá ann dár ndóigh. Bheadh iontas orm, mar shampla, dá mbeadh slat an choscáin ar mórán rothar na laethanta seo.
September 27, 2026 at 8:15 PM
Agus rud eile a dúirt sé ar @tusaite.bsky.social thart ar 20 nóim
www.rte.ie/radio/rnag/c...

"tá níos mó Gaeilge a úsáid i mBóthar na Trá, de réir na torthaí daoináirimh, ná atá i gCnoc na Cathrach"

Ní fíor é sin, más ag tagairt don chuid de CnaC atá sa Ghaeltacht. Easpa cruinneas, easpa ionracas
September 26, 2026 at 8:50 PM
Tá an oiread ó Chois Fharraige, agus níos faide siar, lonnaithe anseo i gCnoc na Cathrach, cuid acu anseo go pointe mar go bhfuil saol uirbeach beagáinín níos tarraingtí agus níos praiticiúla dóibh.

Nach síol é sin, gur bh'fhiú aithint agus cabhrú fás i gcréafóg stádas na Gaeltacha oifigiúla anseo?
September 26, 2026 at 7:22 PM
Cloisim claonadh frith-uirbeach óna chuid cainte i rith an phlé seo ar fad. Bhí lorg an chlaonta sin ina gcuid feachtasaíocht le Bánú freisin, faraor

Is léir nach bhfuil sé in ann ceantar (fo/pear)uirbeach a shamhlú ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail ann, agus is mór an trua é sin
September 26, 2026 at 7:02 PM
Céibh Chonraí a chuireann muintir na háite uirthi freisin.
August 28, 2026 at 10:50 AM
Baithis mhín -> Gaeilge chruinn
March 10, 2026 at 2:51 PM
Rud beag amháin a chuireann as dom faoin suíomh ná nach mbíonn an bosca cuardaigh "gníomhach" nuair a n-osclaítear an leathanach sa gcaoi a mbítear ar teanglann.ie agus tearma.ie.

Caithfidh tú cliceáil ar an mbosca sula bhféadfaidh tú cuardach a dhéanamh.

Rud simplí a réiteach a shábhálfadh am🤷
March 9, 2026 at 2:32 PM
Anois, dá dtiocfadh sé féin ar chuairt anseo....
March 2, 2026 at 8:39 PM
Bhí sé ard go leor agus ar threocht suas ar an liosta roimhe sin.

Gheofá níos mó ciall ó bheith ag léamh duilleoga tae ná bheith ag déanamh anailíse ar na ranganna sin ó bhliain go bliain. 🔮
March 2, 2026 at 8:37 PM
Cé a scaoil na madaidh...cú cú cú cú!!!
February 19, 2026 at 9:19 PM