#afcnag25
Gradam an Uachtaráin bronnta ar Éamon Ó Cuív ag #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:05 PM
Sin sin ó #afcnag25 #afncag don oíche anocht.

Rúin agus toghcháin amárach.
February 21, 2025 at 10:15 PM
Deir an tAire Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil sé "tábhachtach dó féin go pearsanta" go bhfuil aireacht na Gaeltachta aige. #afcnag25
February 21, 2025 at 8:35 PM
Habemus Uachtaránam.

Ciarán Mac Giolla Bhéin tofa ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag #afcnag #afcnag25.
February 22, 2025 at 11:03 AM
Ba mhór an phribhléid dom léacht phoiblí a thabhairt mar chuid d'Ard Fheis @cnagaeilge.bsky.social ar stair na bhfeachtas teilifíse Gaeilge sna 1970idí
@fsg-dcu.bsky.social @uniofgalwayasc.bsky.social
#NSRP #afcnag25 #conorcruiseobrien #RTÉ
@historyatgalway.bsky.social @rtebrainstorm.bsky.social
February 24, 2025 at 11:51 AM
Bualadh bos don chéad rún eile sula gcaitear vóta fiú.

"Ba cheart go mbeadh sé riachtanach Oifigeach Gaeilge Mac Léinn Lán-Aimseartha a bheidh i ngach ollscoil in Éirinn".

#afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:21 PM
Torthaí Thoghchán an Choiste Gnó:

John Prendergast
Mairéad Ní Fhátharta
Liam Ó hÓgáin
Róisín Nic Liam
Pádraig Fhia Ó Mathúna
Pádraig Ó Foghlú
Pádraig Mac Brádaigh
Áine Ní Dhonnaile
Erin Mac an tSaoir
Conchúr O Fearáin
Julieanne Ní Mhaolaidh
Rónán Mistéil

#afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:01 PM
Bláithín Nic an tSíthigh ó Ollscoil Chorcaí ag ceistiú na bpolaiteoirí faoina laghad tacaíochta atá ann do mhic léinn atá ag iarraidh a gcuid staidéir a dhéanamh i nGaeilge #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:49 PM
Ceist na tithíochta Gaeltachta tarraingthe anuas ag Mairéad Ní Fhátharta as Inis Meáin ag #afcnag #afcnag25

"Cluas bhodhair" tugtha don cheist ag an Rialtas a deir sí, míreanna faoi leith sa gClár Rialtais ach níl freagraí soiléire ann, a deir sí.
February 21, 2025 at 9:35 PM
Moladh tugtha ag McGuinnes do 'Mheitheal Phalaistíne Chonradh na Gaeilge' - bualadh bos mór ón lucht féachana. #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:23 PM
A chéad óráid mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge á tabhairt uaidh ag Ciarán Mac Giolla Bhéin ag #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 9:58 PM
Deir sé go gcaithfidh daoine a fheiceáil go bhfuil poist le fáil as cúrsa céime a dhéanamh trí Ghaeilge. #afcnag25 #afcnag
February 21, 2025 at 9:53 PM
Bualadh bos nuair a luann sí an tiar-uachtarán Donnchadh Ó hAodha (ar ar thug sí 'Elder Statesman Chonradh na Gaeilge'). #afcnag25
February 21, 2025 at 8:28 PM
Deir sé go bhfuil "moimint ar leith in Éirinn don Ghaeilge anois" agus go bhfuil "deiseanna móra ann" í a chur chun cinn i measc daoine óga.

An tithíocht an tosaíocht is mó atá aige.

#afcnag25 #afcnag
February 21, 2025 at 9:23 PM
Bhí Ciarán ar scoil i gColáiste Feirste nuair a toghadh duine de bhunaitheoirí na scoile, Gearóid Ó Cairealláin, ina uachtarán ar CnaG 30 bliain ó shin. Ómós tugtha aige do Ghearóid, Pádraig Ó Snodaigh agus Albert Fry ina óráid. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 10:14 PM
'Sular chuaigh mé isteach sa Rialtas. Actually - níl mé isteach sa Rialtas!' a deir Barra Ó hÉineacháin TD ag #afcnag #afcnag25 (sciorradh teanga? jóc?)

Deir sé go bhfuil sé "thar a bheith sásta" leis an méid a "chuir [sé] isteach don Phrogramme for Government".
February 21, 2025 at 9:21 PM
'Tá caighdeán Gaeilge na múinteoirí ina scannal' sa tír seo, a deir Pádraig Mac Fhearghusa agus deir sé nach ndéanfaidh an Roinn Oideachais aon rud faoi. #afcnag #afcnag25.

Tá an bhunaíocht sa stát 'frith-Ghaeilge' agus 'tá sé in am aghaidh a thabhairt orthu'.
February 21, 2025 at 10:02 PM
Deir se go bhfuil sé "ag tnúth le rialtas agus le comhghleacaí a dhéanamh gach rud níos éasca do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid." #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:14 PM
Tá Naoise C den bharúil go bhfuil dul amú ar mbeirt Bharraithe agus gurb é Maigh Nuad an baile a bhfuil an méid is mó Gaeilge ann taobh amuigh den Ghaeltacht! #afcnag25 #afcnag
February 21, 2025 at 10:09 PM
Deir Naoise go bhfuil taithí phearsanta atá aige ar an gceist seo, theastaigh uaidh féin céim a dhéanamh trí Ghaeilge. Deir sé go labhróidh sé leis an Aire Lawless agus leis na hollscoileanna féin faoi. #afcnag25 #afcnag
February 21, 2025 at 9:53 PM
Deir Conor D "ní féidir an Ghaelainn a chailliúint" in Éirinn Aontaithe. Caithfidh an rialtas seasamh i gcomhair Chomhaontú Aoine an Chéasta - "reifreann agus cothrom na féinne do Ghaeilgeoirí i ngach cuid den tír seo". #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:45 PM
Ceist anois ó Dhoire (ainm na mná caillte agam) faoi chúrsaí Gaeilge sa Tuaisceart. Tá sí mí-shásta nach bhfuil na rudaí a gealladh tugtha do phobal Gaeilge an Tuaiscirt "breis agus bliain ó shin" fós. #afcnag25 #afcnag
February 21, 2025 at 9:57 PM
Deir Barry Ward TD go labhraíonn níos mó daoine Gaeilge ina thoghcheantar féin ná mar a labhraíonn in aon toghcheantar eile taobh amuigh den Gaeltacht agus gur mhaith leis go bhfanfaidh cúrsaí mar atá. #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:13 PM
Deir Barra Ó hÉ nach bhfuil "go leor eolais" aige faoin nGaeltacht taobh amuigh de laethanta saoire ann ach go gcaithfidh an rialtas "éisteacht le muintir na Gaeltachta". Deir sé go gcaithfear "loosen up the rialacha" #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:35 PM
Deir Conor D McGuinness go dtuigeann sé an tábhacht a bhaineann le cur chun cinn agus cosaint na Gaelainne "ar bhonn pearsanta" mar gheall go bhfuil a chlann á thógáil aige ina dháilcheantar Gaeltachta féin. #afcnag #afcnag25
February 21, 2025 at 9:23 PM